Gaois

Cóip statach de shonraí a easpórtáiltear ó IATE ó am go chéile atá sa chnuasach seo. Níor cheart glacadh leis gurb ionann i gcónaí an t-eolas a thugtar faoi iontráil anseo agus a bhfuil sa leagan reatha den iontráil ar IATE. Is féidir an leagan reatha sin a cheadú ach cliceáil ar an nasc atá ar thaobh na láimhe deise ag barr gach iontrála. Breis eolais »

2 thoradh

  1. EUROPEAN UNION|European Union law · BUSINESS AND COMPETITION|competition|competition law
    oibleagáid gan dul in iomaíocht Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'Is iondúil go mbíonn socruithe eisiacha níos measa le haghaidh iomaíochta ná mar a bhíonn ag socruithe neamheisiacha. Mar shampla, faoi oibleagáid gan dul in iomaíocht, ní cheannaíonn an ceannaitheoir ach aon bhranda amháin. D’fhéadfaidh sé go bhfágfadh íoscheanglas ceannaigh, os a choinne sin, raon feidhme don cheannaitheoir chun earraí iomaíocha a cheannach agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh leibhéal an fhoriaimh níos lú.' Tagairt "Treoirlínte maidir le srianta ingearacha 2022/C 248/01, CELEX:52022XC0630(01)/GA"
    oibleagáid neamhiomaíochta Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2022/720, ní bhíonn feidhm ag an teorainn 5 bliana ar an bhfad nuair a athdhíolann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí an chonartha “ó áitreabh agus ó thalamh ar leis an soláthróir é nó atá ar léas ag an soláthróir ó thríú páirtithe nach bhfuil baint acu leis an gceannaitheoir”. I gcásanna den sórt sin, féadfar an oibleagáid neamhiomaíochta a fhorchur ar feadh tréimhse níos faide, ar choinníoll nach faide é sin ná tréimhse áitíochta an díolphointe ag an gceannaitheoir.' Tagairt "Treoirlínte maidir le srianta ingearacha 2022/C 248/01, CELEX:52022XC0630(01)/GA"
    oibleagáid neamh-chomhlachta Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'Baineann Airteagal 5(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/720 le díol earraí nó seirbhísí iomaíocha i gcóras dáileacháin roghnaitheach. Tá feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán maidir le dáileadh roghnaitheach a bhfuil oibleagáid neamh-chomhlachta ag gabháil leis, lena gceanglaítear ar dháileoirí údaraithe gan brandaí atá in iomaíocht lena chéile a dhíol an athuair.' Tagairt "Treoirlínte maidir le srianta ingearacha 2022/C 248/01, CELEX:52022XC0630(01)/GA"
    oibleagáid neamh-chomhoiriúnach Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'Cumhdaítear comhaontú soláthair eisiach leis an mblocdhíolúine i Rialachán (AE) 2022/720, i gcás nach mó ná 30 % sciar an tsoláthróra ná an mhargaidh atá ag an gceannaitheoir, fiú amháin má tá siad in éineacht le srianta ingearacha neamhchrua eile, amhail oibleagáidí neamh-chomhoiriúnacha. Soláthraítear treoraíocht leis an gcuid eile den roinn seo 8.2.2 maidir le measúnú a dhéanamh ar sholáthar eisiach i gcásanna aonair os cionn na tairsí maidir le sciar den mhargadh.' Tagairt "Treoirlínte maidir le srianta ingearacha 2022/C 248/01, CELEX:52022XC0630(01)/GA"
    Sainmhíniú aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a fhágann nach ndéanann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a rachadh in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol, sin nó aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceannaitheoir gur ón soláthróir nó ó ghnóthas eile atá ainmnithe ag an soláthróir a cheannódh sé os cionn 80 % dá cheannacháin iomlána d’earraí nó seirbhísí an chonartha agus a n-ionadaithe ar an margadh ábhartha, arna ríomh ar bhonn luach a cheannachán sa bhliain féilire roimhe sin nó, i gcás inarb é sin an cleachtas caighdeánach sa tionscal, ar bhonn mhéid na gceannachán sin Tagairt "Rialachán (AE) 2022/72 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe, CELEX:32022R0868/GA"
    Wettbewerbsverbot
    de
    Sainmhíniú unmittelbare oder mittelbare Verpflichtung, die den Abnehmer veranlasst, keine Waren oder Dienstleistungen herzustellen, zu beziehen, zu verkaufen oder weiterzuverkaufen, die mit den Vertragswaren oder -dienstleistungen im Wettbewerb stehen, oder eine unmittelbare oder mittelbare Verpflichtung des Abnehmers, auf dem relevanten Markt mehr als 80 % seines Gesamtbezugs an Vertragswaren oder -dienstleistungen und ihren Substituten, der anhand des Werts des Bezugs oder, falls in der Branche üblich, am bezogenen Volumen im vorangehenden Kalenderjahr berechnet wird, vom Anbieter oder von einem anderen vom Anbieter benannten Unternehmen zu beziehen Tagairt "Verordnung (EU) 2022/720 der Kommission vom 10. Mai 2022 über die Anwendung des Artikels 101 Absatz 3 des Vertrags über die Arbeitsweise der Europäischen Union auf Gruppen von vertikalen Vereinbarungen und abgestimmten Verhaltensweisen (Text von Bedeutung für den EWR)"
    non-compete obligation | non-competition obligation
    en
    Sainmhíniú any direct or indirect obligation causing the buyer not to manufacture, purchase, sell or resell goods or services which compete with the contract goods or services, or any direct or indirect obligation on the buyer to purchase from the supplier or from another undertaking designated by the supplier more than 80% of the buyer's total purchases of the contract goods or services and their substitutes on the relevant market, calculated on the basis of the value or, where such is standard industry practice, the volume of its purchases in the preceding calendar year Tagairt "Commission Regulation (EU) 2022/720 on the application of Article 101(3) of the Treaty on the Functioning of the European Union to categories of vertical agreements and concerted practices, C/2022/3015"